Bainistíocht Tráchta Sealadacha

December 6, 2022

A chónaitheoir

Beidh ‘Le Chéile’ Speisialtóir Soilsithe mar chuid de Tionscadal Soilsithe Phoiblí Tíosach ar Fhuinneamh, Réigiún Thiar Theas (TSPTF-TT), chomhairle contae Chorcaí ag déanamh oibreacha i do cheantar féin taobh istigh den seachtain seo chugainn.

Tacaíonn an tionscadal seo le Oifig Bainistíochta Bóithre (OBB) i gcomhar údaráis éagsúla áitiúla ar fud na hÉireann, feicfear aisfheistiú i gcéimeanna i roinnt réigiúin ar fud na tíre, le solas LED atá coigilteach ar fhuinneamh thar an chéad trí bliana eile. Tá an Rialtas ag iarraidh cabhair a thabhairt chuig údaráis áitiúla a spriocanna tíosach ar fhuinneamh a fháil faoi 2030.

Feicfear Réigiún Thiar Theas thart ar 77,000 solas sráide phoiblí a aisfheistiú thar na contaetha Corcaigh, an Clár, Luimneach, Ciarraí agus Port Láirge, thar na céad 30 mí seo chugainn mar chuid den chéad céim den tionscadal.

Ní chuirfidh ár n-oibreacha den chuid is mo, isteach nó amach ar an phobal nó gnóithe áitiúila i do cheantar féin, agus ní bheidh stop ar do chuid chumhacht.

Beidh bainistíocht tráchta sealadacha ag teastáil in áiteanna le trácht trom nó bóthair cúng chun slí shábháilte ar na soilse sráide a fháil do lucht oibre. I gcorrchás, b’fhéidir go mbeidh cur isteach ar áitreabh príobháideach nó gnólachtaí, áit ina bhfuil oibreacha sibhialta (tochailt) riachtanach.

Dá mbeadh aon cheisteanna agat, de réir aon rud thuas, ná bíodh idir dhá chomhairle dul i dteagmháil linn ar na modhanna cumarsáide ar an bhileog seo.

Gabhaimíd buíochas libh roimh ré as ucht bhur gcomhoibriú.

0 Comments